Pádraig Mac Cárthaigh, athair an linbh:
Tá baint mhór ag Pádraig Mac Cárthaigh leis an bpríomhcharachtar, Máire. Is é údar gach oilc ina saol. Scriosann sé a saol ar gach uile bhealach. Is bréagadóir slim, sleamhain é. Is slíomadóir gránna é.
Meallann sé Máire. Cuireann sé faoi gheasa í. Tuigeann sé go bhfuil sí óg agus neamhúrchóideach agus glacann sé buntáiste uirthi. Feicimid ón tús go n-úsáideann sé a chaint ‘fileata’ chun í a mhealladh. Labhraíonn sé go plamásach léi. Labhraíonn sé le drochmheas léi faoina bhean chéile, a bhfuil “galar gan leigheas” uirthi agus dá bharr, creideann Máire go bhfuil sé i ngrá léi agus go mbeidh siad le chéile nuair a fhaigheann a bhean chéile bás.
An rud is measa faoi Phádraig ná go n-iarrann sé ar Mháire gan insint d’éinne i dtaobh an chaidrimh atá eatarthu. Deir sé le Máire go bhfuil sé i gceist aige gach rud a choinneáil ina rún eatarthu. Is léir, mar sin, go bhfuil a fhios ag Pádraig céard é go díreach atá á dhéanamh aige. Tuigeann sé nach nglacfaí leis seo sa tsochaí. Cuireann sé fáinne ar mhéar Mháire, fiú, agus ligeann sé air go bhfuil siad pósta. Is léir gur duine áiféiseach, soineanta í Máire mar creideann sí é.
Tá cosúlacht mhór idir meon Phádraig agus meon na gcarachtar eile i leith mháithreacha singile sa dráma seo. Tréigeann Pádraig Máire láithreach nuair a thuigeann sé go bhfuil sí ag iompar clainne, mar a dhéanann formhór na gcarachtar eile. Níl sé sásta a bheith freagrach ina ghníomhartha. Níl sé sásta a admháil go bhfuil an locht air.
Fanann rian a údaráis ar Mháire go dtí lá a báis. Ní admhaíonn sí riamh cé hé athair an linbh. Is léir go bhfuil smacht iomlán aige ar a saol. Is léir chomh maith go bhfuil Máire bocht fós i ngrá leis. Coinníonn sí a gealltanas cé go dtréigeann Pádraig í.
Feicimid drochthréithe Phádraig ag teacht chun solais arís nuair a fhaigheann a chéad bhean chéile bás. Is duine fuarchroíoch, leithleasach é. Chomh luath is a fhaigheann a bhean chéile bás, pósann sé an “mháistreás óg”. Cheapfá go mbeadh sé dílis sa chaidreamh an uair seo ach caitheann sé go dona léi freisin! Tá sé seo soiléir nuair a bhuailimid leis arís i “dteach an mhí-chlú”.
Cuireann Pádraig náire ar Mháire agus baineann sé stangadh ceart aisti nuair a chasann siad ar a chéile tar éis tamaill i dteach Mhailí. Faoi dheireadh, faigheann Máire deis a rá leis go bhfuil iníon aige. Is cuma leis, áfach, agus tugann sé “striapach” uirthi. Deir sé nach dteastaíonn uaidh í a fheiceáil agus briseann sé croí Mháire. Ba é seo buille na tubaiste do Mháire agus dá leanbh. Cuireann sí lámh ina bás féin agus maraíonn sí an leanbh.
Deirtear sa dráma gur mharaigh Máire a leanbh de bhrí gur cailín í. “Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann gach cailín suas ina bean. Ach tá m’iníon saor. Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear. Tá sí saor…” D’fhoghlaim Máire ceacht tromchúiseach mar gheall ar an ndrochíde a fuair sí ó Phádraig i rith a saoil. Bhí sí ina “hoinsín bhog ghéilliúil|”. Ghéill sí do Phádraig. D’éirigh leis a saol a scriosadh agus lig sí dó é sin a dhéanamh mar bhí sí gafa leis. Tuigeann sí é sin ag deireadh an dráma agus dhéanfadh sí rud ar bith chun cinntiú nach dtarlódh an rud céanna dá hiníon.
You may also like: