This is a sample essay from our Complete Guide: H1 Leaving Cert Irish.
Maidir leis an scéal béaloidis Oisín i dTír na nÓg, déan plé gairid ar:
(i) An pháirt a ghlacann Pádraig Naofa sa scéal.
Bhí Oisín tar éis filleadh ar Éirinn nuair a bhuail sé leis. Thit Oisín den chapall draíochta tar éis dó cabhrú le buíon fear. Thóg siad Oisín chuig an Naomh chun dídean a thabhairt dó. Fear cráifeach lách is ea é. Bíonn sé cineálta d’Oisín agus é ina sheanduine bocht dall. Taispeánann Pádraig Naofa an-trua dó mar bhí sé uaigneach agus dearóil agus é ina aonar i dTír na nÓg. Thug sé cuireadh dó dul go dtí an proinnteach chun béile a ithe. Dhiúltaigh Oisín – b’fhearr leis fanacht ina aonar. Cabhraíonn Pádraig Naofa leis agus tugann sé seans d’Oisín a scéal a insint. Cuireann sé Oisín faoin a choimirce agus caitheann sé go fial leis.
D’inis Oisín scéal a bheatha do Phádraig Naofa. Déanann sé Oisín a theagasc i Soiscéal Dé. Deir Oisín go mhúinfidh sé scéalta agus seanchas na bhFiann do Phádraig Naofa agus toilíonn an naomh teagasc na Críostaíochta a mhúineadh don laoch cróga. Tá sé soiléir ón sliocht gur duine naofa é amach is amach agus gur Críostaí maith é freisin. Bíonn Oisín sásta dul le Pádraig mar teastaíonn uaidh cuairt a thabhairt ar na háiteanna sin ba ghnách do na Fianna a bheith iontu. Bhaist Pádraig Naofa é ag deireadh an scéil. Mar sin de, gan Naomh Pádraig, ní bheadh eolas againn ar scéal Tír na nÓg. Mar chríoch, tá páirt an-tábhachtach ag Pádraig Naofa sa scéal seo.
(ii) Scríobh síos dhá shampla den áibhéil sa scéal agus déan plé gairid ar gach ceann díobh.
Sampla eile ná nuair a bhí trí chéad fear i nGleann na Smól ag déanamh iarracht carraig mhór a bhogadh. Ardaíonn Oisín an charraig gan dua agus caitheann sé í seacht bpéirse ón áit ina bhfuil sé. Bíonn Oisín níos mó agus níos láidre ná na fir i nGleann na Smól agus caitheann sé an leac sa spéir. Bhog Oisín carraig mhór agus chaith sé uaidh í gan stró. Bhí trí chéad fear ag obair ach ní raibh siad ábalta an charraig seo a bhogadh. Bhí Oisín níos láidre agus níos mó na fir ar fad i nGleann na Smól, rug a chuireann go mór lena stádas mar laoch.
Mar sin is féidir a rá go bhfuil ról lárnach ag an áibhéil sa scéal béaloidis seo.